Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Praghsanna Ticéad do Shraitheanna Allianz 2024 Fógartha ag CLG

Praghsanna Ticéad do Shraitheanna Allianz 2024 Fógartha ag CLG

Praghsanna Ticéad do Shraitheanna Allianz 2024 Fógartha ag CLG

Tá praghsanna na dticéad do Shraitheanna Allianz 2024 deimhnithe ag Cumann Lúthchleas Gael.

Beidh ticéid do Roinn 1 agus 2 de Shraitheanna Peile Allianz chomh maith le Roinn 1 de Shraitheanna Iomána Allianz le fáil ar chostas €20 in aghaidh an chluiche agus beidh ticéid mac léinn agus pinsinéirí le fáil ar €15. Beidh costas €12 ar chluichí i Roinn 3 agus 4 agus beidh costas €10 ar thicéid mac léinn agus pinsinéirí. Beidh costas €10 ar chluichí i Roinn 2 agus 3 de Shraitheanna Iomána Allianz agus beidh costas €8 ar thicéid mac léinn agus pinsinéirí.

Scaoilfear páistí faoi 16 isteach chuig cluichí de chuid Shraitheanna Allianz in aisce, ach amháin sa chás go bhfuil suíocháin in áirithe nó i gcásanna go bhfuil an baol ann go mbeidh lán an tí i láthair.

Tá pacáistí nua sraithe ar díol anois ina bhfuil pacáistí iomlána agus solúbtha ar fáil mar chuid díobh. Is féidir na pacáistí sin a cheannach anseo: www.gaa.ie/tickets

Beidh costas €30 ar thicéid do Chluichí Ceannais Roinn 1 & 2 de Shraitheanna Allianz. €25 a bheidh ar chluichí ceannais Roinn 3 & 4.

Beidh costas €150 ar thicéid séasúir peile agus beidh costas €140 ar thicéid séasúir iomána. Áirítear sa ticéad séasúir peile gach cluiche de chuid do chontae i Sraitheanna Allianz, cluichí leathcheannais agus ceannais Shraitheanna Allianz, Cluichí Ceannais AIB na gClubanna, cinnteacht go mbeidh ticéid agat do chluichí craoibhe do chontae chomh maith le ticéad do Chluiche Ceannais na hÉireann sa chás go n-éiríonn le do chontae a ghabháil a fhad leis sin agus go bhfuil tú cáilithe le haghaidh ticéid. Beidh costas €250 fós ar thicéid séasúir ina n-áirítear cluichí club sa chontae atá luaite le do thicéad.

Ní bheidh an chéad chluiche craoibhe mar chuid den Ticéad Séasúir a thuilleadh. Cuirfear eolas ar fáil faoi phacáistí speisialta craoibhe sa bhliain nua, áfach.

Ní bheidh ticéid ar díol ag páirceanna imeartha arís i 2024. Ní mór gach ticéad a cheannach roimh ré ag gaa.ie/tickets nó i siopaí de chuid SuperValu agus Centra.

Pacáistí Shraitheanna Allianz

• Roinn 1 & 2 Peile: 7 gcluiche ar €100. Sábháil de €40

4 chluiche ar €65. Sábháil de €15

• Roinn 3 & 4 Peile: 7 gcluiche ar €60. Sabháil de €24

4 chluiche ar €40. Sábháil de €8

• Roinn 1 Iomána: 5 chluiche ar €75. Sabháil de €25

3 chluiche ar €50. Sábháil de €10