Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Na sonraí cuí do Chluichí Leathcheannais Club na hÉireann, AIB, deimnithe

Tabharfaidh Conor Glass, Watty Graham, An Gleann, agus Rory O'Carroll, Cill Mochuda Na Crócaigh, aghaidh ar a chéile arís eile Dé Domhnaigh, 7 Eanáir, i bPáirc Esler, Contae an Dúin

Tabharfaidh Conor Glass, Watty Graham, An Gleann, agus Rory O'Carroll, Cill Mochuda Na Crócaigh, aghaidh ar a chéile arís eile Dé Domhnaigh, 7 Eanáir, i bPáirc Esler, Contae an Dúin

Tá na sonraí cuí do Chluichí Leathcheannais Sinsear Peile Club na hÉireann, AIB, deimhnithe.

Beidh an dá chluiche ar siúl ar an Domhnach, 7 Eanáir. Imreoidh curaidh Chonnacht, Naomh Bríd, in aghaidh churaidh na Mumhan, Gleann Bearcháin, i Staid Semple FBD i nDurlas agus imreoidh na curaidh reatha, Cill Mochuda Na Crócaigh, in aghaidh churaidh Uladh, Watty Graham, An Gleann, i bPáirc Esler, Iúr Cinn Trá – athimirt ar Chluichí Ceannais na hÉireann 2023!

Is féidir liosta na gcluichí i gCraobhchomórtais AIB na gClubanna a íoslódáil ag an nasc thíos.

Dé Domhnaigh, 7 Eanáir

Cluichí Leathcheannais Sinsear Peile Club na hÉireann, AIB

Naomh Bríd (Ros Comáin) v Gleann Bearcháin (Corcaigh), Staid Semple FBD, Durlas, 13.45pm.

Réiteoir: Le deimhniú

(Am Breise & Buaiteoir ar an Lá)

Cill Mochuda Na Crócaigh (Áth Cliath) v Watty Graham An Gleann (Doire), Páirc Esler, Iúr Cinn Trá, 3.45in.

Réiteoir: Le deimhniú

(Am Breise & Buaiteoir ar an Lá)