Clár Cluichí CLG do 2024 Foilsithe
Foilsíodh Clár Cluichí CLG do 2024 i bPáirc an Chrócaigh inniu
D’fhoilsigh Cumann Lúthchleas Gael Clár na gCluichí do 2024 inniu.
Tá Cluichí Ceannais Club na hÉireann san iomáint agus sa pheil i measc na ndátaí is luaithe sa dialann agus beidh an dá chluiche ceannais sin ar siúl deireadh seachtaine 20/21 Eanáir.
Beidh Babhta 1 de Shraitheanna Peile Allianz ar siúl deireadh seachtaine 27/28 Eanáir agus beidh cluichí ceannais na gceithre shraitheanna ar siúl deireadh seachtaine 30/31 Márta.
Cuirfear tús le Sraitheanna Iomána Allianz deireadh seachtaine 3/4 Feabhra agus beidh cluichí ceannais Roinn 2A, 2B, 3A agus 3B ar siúl deireadh seachtaine 30/31 Márta. Beidh Cluiche Ceannais Roinn 1 ar siúl deireadh seachtaine 6/7 Aibreán.
Cuirfear tús le craobhchomórtais peile na gcúigí deireadh seachtaine 6/7 Aibreán agus beidh Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann ar siúl Dé Domhnaigh, 28 Iúil.
Imreofar Cluiche Ceannais Chorn Tailteann Dé Sathairn, 13 Iúil.
Cuirfear tús le craobhchomórtais iomána na gcúigí Dé Domhnaigh, 21 Aibreán, agus beidh Cluiche Ceannais Sinsear Iomána na hÉireann ar siúl Dé Domhnaigh, 21 Iúil.
Cuirfear tús le Craobh Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha Dé Sathairn, 20 Aibreán, agus beidh an cluiche ceannais ar siúl ar an Satharn, 8 Meitheamh. Beidh Cluichí Ceannais Uí Rinn, Mhic Riocaird agus Uí Mheachair ar siúl deireadh seachtaine 1/2 Meitheamh.
Tá leabhrán chlár na gcluichí, ina bhfuil na sonraí cuí maidir leis na cluichí uilig luaite ann, le fáil thíos.